Clár CSE (an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL)) 2014-2020
Is é an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020 ann ná an clár comharba ar an gClár Oibríochtúil um Infheistíocht Chaipitil Dhaonna (HCI-OP) 2007-2013. Cuirtear san áireamh sa Chlár Oibríochtúil, agus comhlánaítear leis, gníomhartha i réimse an chaipitil dhaonna a dhéanfar ag leibhéal an AE agus ag leibhéal náisiúnta agus atá dírithe ar áit níos tarraingtí le hinfheistiú agus le hoibriú ann a dhéanamh den Eoraip, ar eolas agus nuálaíocht le haghaidh fáis a fheabhsú agus ar níos mó post agus ar phoist níos fearr a chruthú.
Le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa an rialachán maidir le CSE ina leagtar síos na cuspóirí téamacha, na prionsabail agus na rialacha a bhaineann le clárú, faireachán agus meastóireacht, bainistíocht agus rialú.
Leagtar amach i Rialacháin an AE gurb iad seo cuspóirí CSE: deiseanna fostaíochta a fheabhsú, cuimsiú sóisialta a neartú, an bhochtaineacht a chomhrac, oideachas, scileanna agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus beartais ghníomhacha, chuimsitheacha agus inbhuanaithe maidir le cuimsiú a fhorbairt, nithe a chuirfidh le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche.
Text
Ar aon dul leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, baineann na príomhréimsí a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta in Éirinn le gníomhachtú na ndaoine dífhostaithe, le cuimsiú sóisialta agus le cuimsiú margadh saothair, le hoideachas agus le fostaíocht don aos óg.
Tá ceithre Ais Tosaíochta i gceist leis an gClár Oibríochtúil (cúig cinn nuair a áirítear cúnamh teicniúil leis, rud a chistíonn riarachán oibríochtúil agus poiblíocht an chláir) a chuimsíonn thart ar 20+ ceann de ghníomhaíochtaí sonracha. Seo a leanas na haiseanna tosaíochta:
- Tosaíocht 1: Gnóthachtáil fostaíochta inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn trí bhearta ábhartha uasoiliúna agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair.
- Tosaíocht 2: Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a chomhrac sa mhargadh saothair
- Tosaíocht 3: Infheistiú in Oideachas, in Oiliúint agus i bhFoghlaim ar feadh an tSaoil d’fhonn uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an bhfórsa saothair
- Tosaíocht 4: An Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg
- Tosaíocht 5: Cúnamh Teicniúil
Tionscnamh Um Fhostaíocht don Aos Óg
Is é an Chomhairle Eorpach den 7-8 Feabhra 2013 a mhol an Tionscnamh Um Fhostaíocht don Aos Óg le buiséad de €6 bhilliún don tréimhse 2014-20. Thabharfadh an Tionscnamh Um Fhostaíocht don Aos Óg tacaíocht ar leith do dhaoine óga nach bhfuil ag tabhairt faoi chúrsaí oideachais, fostaithe ná á gcur faoi oiliúint san AE agus ina bhfuil ráta dífhostaíochta ógra in 2012 atá os cionn 25% trína imeascadh sa mhargadh saothair.
