site-logo site-logo site-logo
background image

Maidir Linn

Forbhreathnú ar CSE

Fáilte

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) an phríomhionstraim airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine. Cruthaíodh an ciste sa bhliain 1957. Is iad na cuspóirí cinnte atá ag CSE ná cabhrú leis an dífhostaíocht a chosc agus a chomhrac; cur le cumas fhórsa saothair agus chuideachtaí na hEorpa dul i ngleic le dúshláin nua agus a chinntiú nach gcailleann daoine teagmháil leis an margadh saothair trí infheistíocht a dhéanamh in oideachas, i scileanna agus i dtacaíocht fostaíochta. Tá breis agus €7 billiún faighte ag Éirinn ó Chiste Sóisialta na hEorpa ó aontachas na hÉireann leis an AE sa bhliain 1973 i leith.

 Áirítear na nithe seo le gníomhaíochtaí a dtacaíonn CSE leo:- 

  • Oiliúint do dhaoine dífhostaithe
  • Oiliúint do dhaoine faoi mhíchumas
  • Oideachas/oiliúint do luathfhágálaithe scoile  
  • Cláir chuimsithe shóisialta
  • Cláir fostaíochta

Is é an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-údarás ainmnithe in Éirinn le haghaidh cúrsaí beartais agus oibríochtúla a bhaineann le CSE. Déanann Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE sa Roinn maoirseacht ar gach cúrsa a bhaineann le CSE, a mhéid a bhaineann siad leis an tír seo, agus déanann sé ionadaíocht do sheasamh na hÉireann ag an leibhéal Eorpach. 

Cuimsíonn Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE dhá aonad leithleacha neamhspleácha: